Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 220
- XML “Filí an Bhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl morán filí fá'n ait seo ins an am i lathar acht bhí cupla fear a dtiocfadh leo amráin agus dántaí a dhéanadh. Bhí fear darb anim Donnchadh Ó Briain dó bhí na chomhnuidhe ar an Corrach. Rinne sé dán fá cuid fir Gleann Árd ar an dóigh a bá ghnathach leo obair le capall. Bhí dóigh aca dóibh féin le obair le capall. Tá sé tuairm céad bliadhain o bhí sé beó, agus níl an dán sin ag duine ar bith anois.Bhí fear in a chomhnuidhe in nDumhnaigh darbh ainm Seán Mac Laithbheartaigh; rinne sé amhran gaedhilg agus ní rabh sé ábalta scríobhadh nó leigheamh. Rinne sé amrán fá bhean na síodhogaí. Ní rabh aice seo acht í féin agus bhéadh cuid mhór síodhogaí astoigh aice gach oidhche. Bhí sí ag innse do na comharsanaigh gach lá agus ní rabh siad a chreidbhéil agus an oidhche seo cuaidh cupla duine isteach agus ní rabh siad ibhfad astoigh gur thoisigh an ceól, an damhsa agus an callán. Thainig eagla ortha agus d'imthigh siad arais. Annsin chuaidh siad fhad le Seán, an file agus d'innis dó san fá seo agus rinne sé dán fá dtaoibh dithe.Bhí file eile i Míodhbhaigh darbh ainm Cathal Mac Phádín; rinne sé dánta fa'n Mhaigdean Mhara agus fá'n mhadadh ruadh. Rinne an fear sin cúpla amhran fosta. Bhí file eile in Ardbán darbh ainm Donnochadh Mac Giolla Bhríghde agus rinne sé amhran deas darbh ainm Ráice na hÉireann. Bhí sé ábalta scríobhadh agus leigheamh agus rinne sé cuid mhór dánta fosta. Bhí fear eile ag gabhail thart ag cruinniú déirce. Seanín Riclín. Ba ghnáthach leis fanacht in nDoire Chasain agus bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máighread Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall