Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 234
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhidhte Allta. Fad ó shoin bheadh cuid mhór ainmidhte allta thart fá'n áit seo mar bhí cuid mór coillte ann. An leomhan agus an madadh ruadh agus an coinín agus an mactíre bheadh siad sa'n ins an tír san am sin agus sgriosadh siad an bárr ar na daoine. Tá dúil mhór ag na coiníní ins na turnaipí agus ins an cháil. Tá an madadh ruadh iongantach cliste agus marbhuigheann sé cuid mhór cearc agus cuid mhór lachain. Uair amháin cuaidh madadh ruadh isteach i gcró cearc i bpoll beag a bhí ar an bhalla agus d'ith sé cuid mhór de na cearca. Annsin thug sé iarraidh a ghabhail amach arais agus ní rabh sé abalta mar bhí sé ró reamhar. Ar maidin thainic bean a toighe amach i na cró fuair sí an madadh ruadh i na luighe sa cro, agus thug sí iarraidh é a chur amach agus ní rachaidh sé amach ar chor ar bith. Leig sé air féin go rabh sé marbh. Nuair a connaic sí na rachaidh sé amach dí d'imthigh sí fá coinne spáid agus nuair a thainig sí arais bhí an madadh ruadh ar siubhail.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Uí Canann
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall