Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 244
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lucht siubhail.Tá cuid mhór daoine ag gabhail thart anois ag díol. Seán Ó Ruaidhrí agus hungraí glen, handsome Padaigh agusn Donnchadh Mac Cnáimhsighe, agus Eoghan beag. An leas ainm atá ar Suffering duck, agus Ó Roarc, agus Elic mór agus a bhean thart agus an bolg dearg, agus Donall Mac Ruaidrí, agus Seán O Maley, agus Éamonn O h-Annluain. Bíonn na fir seo ag gabhail thart ag díol agus ag cruinniughadh agus ag ceol. Bíonn cuid ag díol éaduigh agus má ceannuigheann tú rud ar bith bíonn siad sásta agus d’imthighead siad. Bíonn cuid aca ag cruinnuighad agus má bheireann tú pighinn dobhta bheireann siad buidheachas duit. Bíonn h-Andsome Pádraigh ag ceól i dteach ar bith a mbéadh sé ar loistín ann agus bíonn lucht an bhaile uilig astoig ag éisteacht leis. Tá cuid mhór lucht siubhail agus ólann siad leobhtha. Annsin luigheann siad amuigh ins na cnuic go maidín.
Bíonn capaill le cuid aca agus cuid eile aca agus ní bhíonn capaill ar bith leobhtha. Bíonn mála leobhtha déanta de shac agus bíonn sé leobhta ar a ndruim. Bíonn fáilte rompa ins an teach a bhíonn siad acht má bhíonn siad ag gabhail thart ró minic go dtí an teach amháin. Ní bhionn fáilte ar bith rompa. Acht má bhíonn siads ag ag gabhail thart ró mhinic ní bhíonn fáilte ar bith rompa.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Canainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tuathal Mac Laithbeartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall