Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 247
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)247sin ór na athair sa'n bliadain 1824.
- Toibreacha Beannuithe.Tá tóbar beannuigh amháin ins an Condae seo darbh ainm tobar an Dúin agus téigheann daoine ann go minic insan t-Samhraidh le guidhe. Téidheann daoine ann fosta le iad a léigheas. Téidheann daoine ann le uisge coisricthe a fhaghail. Fágann daoine rudaí na ndiaidh ag an tobar sin fosta. Bhí tobar ar an Chnoc Mhór agus gníodh na daoine usaid de le pianta cnamh a léigheas. Bhí ceann eile i lag na Coille agus dá rachaidh thart trí h-uaire fan tobar agus a ghabail isteach ann bheitheá léigheasta. Tá toibhreacha ann fá coinne daoine a léigheas ar ghalair croidhe. Bhí tobar thoir ar an Chorrach agus dá gcraicheá an t-uisge trí h-uaire ar dó ceann le tinneas cionn bheitheá léigheasta. Níl na toibreacha comh fairsing ins an Pharoiste sa’n am i lathair agus a bhí siad i bhfad ó soin. Bhí tóbar beannuithe i bpáirc le Seán Mac Giolla Bhrighde agus dá mbaintheá do chuid bróg duit agus do cuid cos a nighe ann le pianta cos léigheasfadh sé thú. Bhí ceann eile i Lag an Chaisil agus bhí sé maith le thú a leigheas ar dó croidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)