Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Toibreacha béannuithe.Tá tobar beannuithe amháin ins an Conndae seo darbh ainm tobar an Dúin agus téigheann daoine ar cuairt chuig an tobar sin fá choinne iad a leigheas dá mbéadh aicíd ar bith ortha. Téigheann siad ar chuairt ins an t-Samhradh go minic le iad cuid de uisge a fhaghail. Nuair a bhíonn siad fá leath mhíle de’n tobar bíonn aca le na bróga agus na stocaí a bhaint dobhta agus siubhal le na cuid cos ar an bhealach mór. Tá léigheas ag gach deor de’n uisge thobair an Dúin fá coinne gach aicid. Tá tobar eile thall i bhFánaid i Cill Drum agus níl duine ar bith a téigheann chuige a mbíonn a dhath orta, bíonn biseach ortha lá thar na bharach. Fágann gach duine Boinn, Coroin Mhuire agus rudaí eile mar sin ag an tobar na ndiaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)