Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 283
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Tá mé i mo chomhnuidhe i mbaile darbh ainm Doire Chasain Mór agus Paróiste Mhidhbhaigh atá ar an pharóiste a bhfuil an baile ann. Tá cuid mhór toightheach sa'n bhaile a bhfuil mé i mo chomhnuidhe ann. Tá sglataí ar an chuid is mó de na toighte agus tuighe ar an chuid eile. Is é seo an sloinneadh is coitcheannta ins an bhaile, Gallchobhair. Tá cuid mhór sean daoine os cionn 70 bliadhain ar an bhaile. Is é Gaedhilg atá ag na sean daoine go h-uile agus bíonn siad ag innse cuid mhór sean scéaltaí i nGaedhilg. Thig leo scéaltaí a innse i mBéárla fosta. Tá trí ballógaí ar an bhaile. Tá cuid mhór daoine ar an bhaile in Aimeirioca agus in áiteacha eile fosta. Tá cuid de'n talamh ins an bhaile maith agus an cuid eile de olc.(leanann ar an chéad leathanach eile)