Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 293
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean fhocail.Tá cuid mór sean focal ag na daoine fá’n áit seo. Tá sean fhocal fá’n áit deir siad “Is doiligh bríste a bhaint dó tóin tarnocht, nuair a bhíonn duine tarnocht deir siad é. “Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuidhe é. “Féar gan píopa fear gan [sgétt]? sgithiste, bean gan leanbh bean gan léithscéal. Tá sean fhocal eile, “Tá an t-am agat sa a bheith ag cur súitche ar dó chrochadh féin. Déireadh na sean daoine sin le fear no bean a mbéadh an t-am aca pósadh agus teach úr a cur suas dobhtha féin. “Bíonn gach [tosnú]? lag, bíonn gach rud lag ar tús. “Dó réir an céile dhéantar na caisleain, caithfear na caisleain a dhéanadh dó réir a chéile. “Is féarr an t-slainnte ná na tainte ar chnoc, “Is fearr do dhuine an t-slainte bheith aige na tainte bheith ar chnoc, “Is trom an t-ualach an t-ocras, mar nuair a bhíonn ocras ar dhuine tá sé comh h-olc is dá mbéadh ualach trom ort is gan ocras ar bith. “Can eadh lá na gaoiste lá na sgoilbh. Deir na sean daoine sin nuair a thig lá gaoithe móire. “Nuair a bíonn spotanna gorma sa’n spéir oidhche ghealaigh deir siad go bhfuil cladach thart fa’n ghealach. “Nuair a bhíonn duine ag imtheacht áit ar bith(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Domhnall Ó Brodlaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Laithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall