Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 301
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An chuinneog.Tá an chuinneog déanta de adhmad agus tá sí fá thuairm slat agus dhá throighte in áirde agus troigh ar leithead. Tá tóin na cúinneoige tuairm an trí ceathramhadh cuid de slaite ar leithead agus tá béal na cuinneóige tuairm slat ar leithead. Tá clár ar an bhéal agus tá poll ann fá choinne an lonthaidhe a chur aníos agus síos. Tá an lonthaidhe déanta de adhmhad posta. Nuair a bhíonn go leór bainne ag bean an toighe fá choinne maistriugadh a bhuaileadh cuireann sí é isteach ins an chuinneog, agus buaileann sí féin an bainne an cead uair, agus annsin nuair a bhíonn sí tuirseach, buaileann fear an toighe é go mbíonn im ar an bainne. Nuair a bhíonn an t-im ar an bhainne stadann fear an toighe, agus togann an bhean an t-im de’n bhlathach le spád beag fá coinne im agus cuireann sí an t-im isteach i dtobán bheag ghlan a mbíonn an t-im ann igcomhnuidhe agus fágann sí an tobán in áit fhuar. Nuair a bhíonn seo uilig déanta aicí, ghnidheann sí suas an t-im i na phunntaí agus i na leath phunntaí agus díolann sí an chuid is mó de’n im seo ins na siopaí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Méadhbha Nic Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall