Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 306
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An chuinneog.Tá an chuinneog déanta de adhmad agus tá sí fá thuairim slat ar aoirde. Tá tóin na cuinneoige níos leithne na an béal agus tá an tóin fá thuairim troigh agus ceithre h-orlaigh ar léitheadh. Tá trí fonnsaí ar an taobh amuigh de’n chuinneoig le í a chongbhail láidir. Tá an chuinneog cumhang astoigh ins an lár agus is astoigh ins an áit chumhang sin a luigheann an clár. Tá poll i lár an cláir agus is isteach ins an pholl sin a chuirtear an lonthaidhe. Is í bean an toighe a bhuaileann an bainne agus cuidigheann muinntir an toighe léithe in amannaí. Buaileann siad an bainne síos agus aníos go dtí go mbíonn an bainne buailte. Dá dtiocfadh strainnreir ar bith isteach nuair a bheithfidhe ag bualadh an bhainne ní chuideochadh sé an bainne a bhuaileadh. Sul a mbuailtear an bainne caithfear an chuinneog a níghe go maith le uisge teith. Annsin dóirtear an bainne reamhar isteach inntí Nuair a bhíonn an bainne buailte bíonn gíota beag ime in a luighe ar chlár na cuinneoige.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Róise Nic Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall