Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i dh’iasgaireacht i gcurrach agus chualaidh siad an mhaighdean mhara ag caoineadh agus dubhairt duine aca leis an duine eile nach rachadh siad amach go rabh rud éigin le tarladh ag dubhairt an fear eile nach rabh annsin acht amaidigh go rachadh siad amach, agus chuaidh agus cailleadh an bheirt aca. Bhí bád amuigh ag iasgaireacht uair amháin agus chonnaic siad an maighdean mara na suidhe ar charraic agus brat galanta uirrthí. Fuair fear aca greim ar an bhrat agus tharraing sé díthe agus d’imthigh siad. Thosuigh sise a chaoineadh go bronach agus dubhairt sí nach dtiocfadh léithe corruighadh go bhfuigheadh sí an brat arais agus b’eigean dobhthe é a thabhairt arais díthe.
Bhí cuid mhór leipreacháin ann i bhfad o shoin fósta. Bhíodh cuid aca i na ngréasaidhe. Bhíodh an greasaidhe i gcomhnuidhe in a shuidhe faoi(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maire Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64