Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 27
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-aonach.Bhíodh cuid de na h-aontaighe amuigh faoi’n Tuaith fad ó shoin, mar ní rabh morán bailte móra ins an tír, agusm bhí na daoine a rabh an talamh agus na h-ainmhidhthe acu ina gcomhnuidhe amuigh faoi’n Tuaith. Tá páirc i Míodhbhaigh, agus deirtear go mbíodh aonach ann cúpla uair sá’n bhliadhain. Tá cnámha ins an pháirc agus deirtear gur cnámha ainmhidhthe atá ann. Níor ghnathach leis na ceannuightheoirí a ghabháil thart ó theach go teach fad ó shoin, mar ní rabh morán acu ins an tír, agus ní chuireadh siad ainmhidhthe go Sasain nó go dtí tír ar bith eile.
Nuair a dhíolann fear ainmhidhthe bheireann sé airgead arais dó’n fhear a cheannuigh iad le ádh a chur ar na h-ainmhidhthe. Fad ó shoin, bhí fear shíos i n-Dumhaigh agus dhíol sé cuid mhór caoradh le fear eile, agus nuair a fuair sé a chuid airgid, ní thug sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhuadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall