Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an gabha airgead ar bith ar son an rud a ghnidheann sé, bheireann na daoine sin fronntannaisí do.
Tá na gaibhne uilig láidir. Caithfidh siad a bheith láidír le bheith ag obair leis na h-uirleisí móra troma iarainn. Na séan gaibhne a bhí ann i bhfad o shoin bhí siad i bhfad níos láidre na na gaibhne atá ann anois. Nuair a téigheann tú isteach ins an cheardchain tchíonn tú teine mhór shíos agus léar giotaí de iarann astoigh ins an teine le obair leis. Nuair nach bhfuil duine ar bith astoigh aige bíonn sé ag fághail gach seort réidh ar eagla go dtiocfadh duine ar bith isteach agus deifre mhór ortha.
Bhí athar Seamus Mac Giolla Bhrighde i na ghabhann fósta. Nuair a bhí sé óg bhí sean ceardcha aige agus bhíodh sé amuigh ag obar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Nic Giolla Bhrighde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall