Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 76
- XML “Seán Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Séan Amaideach.Bhí fear ann uair amháin dárbh ainm Séan Amaideach agus Séan Amaideach a bhí ann go fíor. Ní rabh aon duine aige acht a mháthair. Lá amháin chuir an mháthair Séan in aonaigh le bó. D’iarr sí air gan an bhó a thabhairt ar an chéad luach, na an dara luach, acht í a thabhairt ar an tríomhadh luach.
Shiubhal sé leis go rabh sé míle o’n aonach. Nuair a bhí sé míle o’n aonach chonnaic sé cloch na sheasamh ar an bhealach mhór. Ghlac Séan truaighe de’n chloc, agus chaith sé de a chóta, agus chuir sé ar an chloic í. D’imthigh Séan léis in aonaigh annsin agus dhíol sé an bhó. Nuair a tháinig sé fhad leis an chloc arais ní rabh an cóta le faghail. Annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eamonn Ó Buadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall