Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a’s d’iompair sí isteach na tighe í. Tug sí braon bráchan duithe agus ca rabh sin ólta aice i gceart nuair a thuit sí ‘na codhladh. Codhlaidh sí go dtí an déich a chlog an oidhche sin. Nuair a mhuscail sí cha rabh fhios aice ca h-ait a rabh sí. Cheistinigh fear an toighe í agus bhí sí abálta innse ca h-áit ar bhás í agus ac an rud mar sin ac cha rabh fhios aice féin no agh duine saogaltá caidé mar fuair sí na deich míle as fiche tairstí i sé n-uair.
D’imthigh fear dhoireasclaidhe ar druim beitigh go Cill-Mhic-nÉanain as d’innis se’n sgeal annsin. Sgriobh fear annsin cuig Dhún Luobhaigh. Bhí a daoine amuigh a cuartadh a’s bhí luthghair mhór ortha cinnte nuair a fuair siad sgeala. Thainig a h-athair fá na cóinne gan mhóill. Bhí a salann léithe rith an ama a’s deir na sean daoine gur sin an rud a sabhail í gan a bhéith báithte no marbh ar dóigh eiginteacht éile.- Bailitheoir
- Máire Nic Fionghaile
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80