Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 109
- XML “Seanscéal - Fear an Tearmainn agus an Seachrán a Tháinig air”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal. Fear an Tearmoinn a’s an seachran a tháinig air.Bhí fear san Tearmonn uair amháin a’s chuaidh sé go Cnoc an Ghleanna Áird ag cuartughadh caora. Chuaidh sé fhad le teach ar an Ghleann Áird ag cur seanchuis fá’n chaora. Chonnaiceas í thart fá’n áit cúpla lá roimhe sin.
Dubhairt sé le fear an toighe go rachad sé suas an cnoc giota beag go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé í. D’iarr fear an toighe air gan a ghul nó go rabh seachran san chnoc sin. Dubhairt seisean nach rachadh sé ibhfad ó’n bhealach mhór. Chuaidh sé giota suas agus casadh fear eile air. Bhí an ceo cruinn thart fá’n áit a rabh siad ag cainnt. D’éirigh éilin cearca fraoich in deas dóbhtha. Bhí siad ag tabhairt eiteóig corr ghiota annsin thuitfeadh siad airís. Lean na dir iad ach chán fuair siad greim ortha. Phill siad airís [de]? ghul na bhaile ach nuair a shíl siad go rabh siad ar bhealach cheart bhí siad ag siubhal fríd an chnuic. Bhí fear an Ghleanna Áird ag rith leis agus fear an Tearmoinn ag sgairtigh leis a am a ghlacaint. Bhí siad ag teacht annas de bruaich mhillteanach fosta fear an Ghleanna Áird ag rith leis agus fear an Tearmoinn ag iarraidh congbhail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann