Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 110
- XML “Seanscéal - Fear an Tearmainn agus an Seachrán a Tháinig air”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis. Tharla sé go bhfaca sé (fear an (Tearmoinn bóthóg dé theach istoigh ag bun binne a’s é lán daoine. Bhí siad uilig an a nglúnaibh agus bhí sean-duine ag tabhairt amach an phaidrín. Thoisigh seisean ag sgairtigh ar an fhear eile ag radh go rabh faire annseo a’s go gcaithfidh sé go rabh siad chomhair baile. Ní éisteochadh fear an Ghleanna Áird leis ach é ag rith frídh na beanntracha a’s fear an Tearmóinn ag éirigh bheith na dhiaidh.
Bhí siad mar sin go maidín a’s sé an áit a rabh siad thíos ins na méillte gainimh ós coinne Carraic Airt ach níor aithin siad é. Chonnaic siad fear ag teacht as ná Dúnaibh le beach agus carr. Chuir siad ceist air cé’n baile é siud thall. “Caithfidh sé go dtáinig sibh giota maith nuair nach bhfuil fhios agaibh Carraic Airt”, arsa seisean. Tháinig muid giota maith arsa fear an Tearmoinn.
D’imthigh an seachran daobhtha annsin a’s thug siad buidheachas dó’n fhear. Annsin chuaidh achan fhear aca na bhaile.- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann