Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 88
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal.Bhí ríogh i Sasain uair amháin agus bhí gárda de shaighdiúirí bhreághtha aige. Bhí saighdiúir amháin ann agus thuit nighean an ríogh i ngrádh leis. Pósadh iad i ngan fhios.
Nuair a chuala an ríogh seo chuaidh sé ar daoraidh. Thug sé a trom féin de óir dó’n nighean agus d’iarr uirthi imtheacht agus gan eisean amharc fheiceál uirthi go brádhach.
D’fhág sí Sasain agus thainig sí go h-Éirinn. Fuair sí féin agus an fear ar aghaidh go maith ann. Rugadh mach óg dóbhtha. Ní rabh an gasúr seo ró mhór nuair a marbhughadh a athair.
D’fhás an gasúr beag seo suas agus b’fhurust aithne air go rabh sé ag dul a bheit in a fhear láidir. Fuair sé féin agus a mhátair ar agaidh go maith.
Bhí an bheirt aca ag siubhal le chéile amuigh ins na páirceanna lá amháin. Chonnaic siad cloch mór a rabh poll astoigh fúithe. Bhí sí naoi dtonnaí naoi n-uaire ar trom. Chuir seisean a chois isteach fúite agus chaith ar shiubhal í. Fuair sé claidheamh airgid astoigh fúithe agus é sgríobhtha ar an chais an fear a dheánfeas [úsaid]? de’n chlaidheamh seo gheobhaidh sé buaidh ar an t-saoghal.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall