Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig Airt
- XML Leathanach 173
- XML “Próca Óir”
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I bhfad o shoin ba ghnátha leis na lochlainn theacht na tír seo. Bhí siad na ngadaidh. Bheirfeadh siad l/beo achan rud a fheicfeadh siad. Rud ar bith nach dtiocfadh leo thabhairt leo dhoighfeadh siad é. Tháinig siad go dtí an tír seo uair amháin agus chuaidh siad fríd an tír ag tabhairt achan rud a bhfeicfeadh siad leo. Do bhí daoine na gcomhnaidhe i nGleana Ríogh. Bhí siad an shábhair agus chualaidh siad go rabh siad sa tír. Bhí eagla ortha go dtiocfadh siad orthu. Fuair siad pota agus chuir siad an t-óir isteach ann. Annsin rinne siad poll sa talamh agus chuir siad an pota oir isteach ann. Chuir siad an pota oir isteach idir dhá thobair agus tá an pota óir annsin go dtí an lá indiu.
- Comharthaí na h-Aimsire.Droch Aimsir: Gocleann teacht an droch aimsir air na sean-daoine Tugann piontaí geara ortha. [Lad]? seo a mbíonn piontaí ortha bíonn na bróga ag luighe ortha Nuair bíonn droch aimsir le teacht bíonn na h-éanlaithe ag eiteal go h-iseal. Bíonn na fainleóga ag eiteal go h-ana iseal. Bíonn na na [h-eanlaithe]? snámh ag sgreadadh agus ag bualadh a gcuid eatóga agus ag glagairnuighe le h-atas. Nuair bíonn fáine thart ar an ghrian agus an spéir thart fa dtaobh dí dorcha sin comhartha droch aimsear. An spéir dorcha agus néalta móra dubha sin droch aimsear.(leanann ar an chéad leathanach eile)