Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig Airt
- XML Leathanach 178
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Seán Crás as an iachtar. Bhíodh sé ag goid airgead ó daoine a shíl sé go rabh go leór aca agus ní thiocfadh leis na gárda breith air. Am amháin bhí sé i nDoire agus rinne sé rud éiginteacht as an casan agus bhí na gárda in a dhiaidh. Bhí capaill ag na gárda agus bhí Seán ag rith ar a cois. Bhí cú leobhtha fosta agus bhí madadh níos fearr ag Seán. Nuair a rith an cú i ndiaidh Seán thiontuigh madadh Seán ortha agus marbh sé iad.
Rith Seán agus an madadh leobhtha agus na marcaigh in a dhiaidh go dtí go dtáinig siad go abhann. Shíl na gárda na dtiocfadh le Seán dhul thar an abhann. Léim madadh Seán thar an abhann agus lean Seán é. Nuair a fuair Seán thar an abhann rith sé leis go dtáinig sé fhad le coille. Chuaidh sé i bhfolach sa coill. Nuair a tháinig na gárda fhad leis an choill thoisigh Seán ag tógail calainn. Chualaidh na gárda é agus shíl siad gur bhreith duine éiginteacht air. Bhí siad ag dul isteach go dtí’n coill nuair a tháinig Seán amach. Bheir sé air duine de na gárda agus bhain cúlaidh de agus an capall agus cheangail é do tóir. Chur sé an cúlaidh ar fhéin acht bheir gárda eile air agus thug siad go Doire é agus bhí sé le na cróchadh. An lá a bhí siad ag dul a chróchadh é d’fhiafruigh sé i nGaelic an rabh duine ar bith as Doire annsin agus ní rabh. Bhí cuid mhór airgead i bhfolach aige agus nuair nach rabh duine ar bith as Doire ann ní innseóchadh sé cá rabh sé. Fuair sé bás agus níl fhios ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Dún Mór, Co. Dhún na nGall