Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig Airt
- XML Leathanach 199
- XML “An Longbhriseadh”
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thainig an Saldanna isteach i dtír ar a dugtar Fanaid uirthí. Bhí oidhche stoirmeamhail ann. Thóg siad solas agus tharraing siad ar an solus. Dubhairt an captaoin go rachadh sé go Buncrannaighe nó áit mar sin. Bhí saidhbhreas mór ar an Saldanna. Bhí neart rudaí uirthí agus neart bidh. Chuir na daoine a bhí sa Saldanna na mná suas ár na capallaibh agus thoisigh na capaill a léimnigh. Bhí dhá shagairt ins an bád nuair a dubhairt an captaoin an focal a dubhairt sé Bhí siad ag guidhe do Dhia go mbéadh siad sábháltha. Bhí trí chéad ins an bhád agus cailleadh iad uilig ach duine amháín. Caitheadh an t-achrann beag seo Máíre Ní Laoi ar an chladach agus do sabhluigheadh í.
- Droch-aimsear: Goilleann teacht an droch-aimsear leis na sean-duine go mór. Bíonn pianta ortha iad na suidhe ag an teine sin mar gobhfuil an droch-aimsear ag teacht. Na bpáírceanna a bhí go glan tá siad lán de uisge anois bíonn na bróga na luighe ar do chuid cosa agus iad neimheadhcha uilig. Bíonn na h-éanlaithe ag eiteall go íseal mar go bhfuil sé ró-fhuair aca anáirde(leanann ar an chéad leathanach eile)