Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cómharthaí na hAimsire.aca sa aer. Bíonn lása gorm ins an teine an deatacha cásta ag dul amach an simlighe agus an sugha ag tuitim anuas ins an teine agus ar an urlár.
Aimsear Bhreagh; An Ghrian; ceo tirim sin cómhartha go bhfuil an aimsear ag dul a bheith maith. Ma bhíonn na scamaill dubha sin cómhartha báistighe. Ma bhíonn an bag-leac ann ar maidín sin cómhartha aimsir olc ach ma bhíonn sé ann ins an tráthnónach sin aimsir mhaith. Is minic a tcímid [Áan]?-ghrian agus an ghealach báidhe. Bíonn neart fearthainne againne ina dhiaidh sin. ma bhíonn an t-aer dearg siar sin comhartha gaoithe móire. Ma bhíonn an t-aer dearg soir sin cosamhlacht fearthainne agus gaoithe móire. Ma chímíd na realtóga ag damhsa ins an spéir bíonn an stoirm ag teacht. Ma chímíd an ghaoith aniar adtuaidh sin comhartha droch aimsear. Nuair a théidheann an ghaoth leis an ghrian agus nuair a socruigheann sé sa taobh theas sin cosamhailt mhaith ar an aimsear. Ach nuair a théidheann sí arais i n-éadan na gréine níl sé na chosamhlacht mhaith. Na realtóga ag tuitim timpest sin stoirm nó siocán. Is minic a tcímíd an t-súghaidh ag tuitim anuas an simléir ar an úrlar. Bíonn neart againn. Nuair a bhímíd na(leanann ar an chéad leathanach eile)