Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig Airt
- XML Leathanach 202
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Fionn agus na Cailíní Óga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cloigeann Rasán. Craobhach. Glas-bhán. Na Portaighthe. Ard-na-Gaoithe. Machaire Maighe Gourgain. Druim Ríoghain. Carn na nGabhar.
Caiseal. Earach an Dubhacháin. Leuna Mór. Ailt. Gleann Cheo. Oilean Ruadh. Cnoc na "nDúnaibh". Árd na Raithnighe. Cnoc loch "Grian". Átha an Dá Chóir. Cnoc na Gcamalta. - Fear gcroidhe calma a bhí Fionn Mac Cumhaill agus bhí na cailíní uilig in Éireann in ngrádh leis. Do bhí cailín amháin aca agus b'fhearr le Fionn i bhfad agus bhí sé ag dul a phósadh, gan formad a chuir ins na daoine eile. Lá amháin do bhailighe sé na cailíní uilig go dtí bun an chnuic do bhí an chailín ann a bhí sé ag dul a phósadh. Chogair sé go beag i gcluais an chailín. D'iarr sé uirthi dhul suas gcúl an chnuic. D'imthigh sí leithe ach ní fhaca na cailíní eile í. Annsin d'innis sé dóbhtha go raibh sé ag dul suas go dtí bárr an chnuic ag c'é bi duine a bheidh shuas an chéad duine bhéidh sí aice mar mnaoi. Chuaidh sé suas agus leig sé sgread ar na cailíní. Rith siad uilig suas an cnuic agus nuair a chuaidh siad suas cé bhí shuas ach an cailín seo a bhí Fionn le pósadh. Tháinig fearg(leanann ar an chéad leathanach eile)