Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig Airt
- XML Leathanach 204
- XML “An Bhó Thinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An Bhó Thinn.ach crábhóg a bhí in a rubaill agus chuir muid anonn fá choinne Seán Dhómhnaill. Thainig sé análl agus thois sé an bhó. Annsin chuir sé im le rubaill agus lás sé an choinneál Mhuire. Ní bhfad go dtáinig sí chuige féin agus ní mhothuigh sí an chrabóg níos mo. Aon uair amháin do bhí bó ag Seán Dhómhnaill agus lá amháin nuair a bhí siad uilig ar an chnuic ach duine amháin máire an t-ainm a bhí uirthí. Do leig sí na ba isteach ag na préataí. Ins an deiread chonnaic sí iad. Ní rabh fhios aice caidé le deanamh. Agus ceann aca tachtaidhe. Chuir sí míse ar shiubhal fa coinne na fir ar an chnoc. Ní rabh mé bhfad ag dul, agus ní rabh siad abhfad ag teacht. D’imthig duine aca go Baile na nGallóga fá choinne fear a gléiseann ba.
Thainig seisean ach ní rabh sé á balta a ghath a dheanamh. Ins an deireadh dubhairt sé na dtiocfadh leis a ghath a dheanamh ach an bhó a scaoladh. Annsin scaoladh an bhó. Annsin bhí sí marbh agus bhí muid uilig go brónach. Is minic a chonnaic muid bó tachtaidhe ach ní rabh bó ar bith tachtaidhe go h-olc leis an bhó seo.- Faisnéiseoir
- P. Mac Giolla Brighde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)