Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tá fhios aige fosta 'nar iarr Naomh Pádraig na sean nósanna a bhíodh aca a thabhairt suas go ró-thobann. Mar sin de d'fhág sé cuid de na tobair seo aca mar áit oilithreachta acht choirrigh sé iad agus rinne turais Chríostaidhe díobhtha. Is dócha gur tobar aca seo ar tobar ar a bhfuilimíd ag trácht anois agus is dócha fosta gur riocair (?) an tobar seo a bheith (?) a thigeadh na daoine le chéile ag Carraig an Dúin le sealbhuigheacht Prionnsaí Thír Chonnail a dheanamh ag lámha Uí Frighill cómharba Naoimh Colmcille i mainisteir Cill-Mhic-nÉanain. Is ag an Charraig seo a ghnideadh na gnátha sin (?) ó aimsir Chonaill síos go dtí'n bliadhain 1608.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Faisnéiseoir
- Tuathal Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Machaire Loiscthe, Co. Dhún na nGall