Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 313
- XML “Seán na mBláthanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí caislean deas.
Bhí achan rud amuigh as istoigh f'an caislean na gcódladh. Bhí na bá agus an eallach uilig na gcodladh. Chuaidh sé asteach go dti an chísteannach annsin. Chonnaic sé cát réidh le luchóg a marbhadh. Bhí siad uilig na gcodladh. Chúaidh sé ó seómra ámhain goidé seomra eile, agus bhí achan nduine na gcodladh. Nuair a tháinig sé godtín t-seomra déireannach chónnaic sé girrseach dheas. Shíl sé go rabh sí marbh. Thoisigh sé ag caoineadh. Thuit deor amhain ar aghaigh na gcirrsighe. Mhusgail sí annsin. Dúbhairt sí, "Seán, an dtainig tú sa deireadh." Chuir Seán ceist uirthi caidé mar bhí fhios aici a ainm. Dubhairt sise go rabh sídheog annsin, agus chuir sí iad faoi géasaibh trí céad blíadhain ó shoin. Dubhairt an síodheog go mbéadh siad na gcodhladh go dtiocfadh Seán.
An bomaite a mhusgail an gheirrseach, mhusgail achan rud amuigh as astoigh f'an teach. Ní rabh i bhfad go rabh an bricfeasta réidh. Pósadh Seán agus an ghirrseach annsin.
Dúbhairt sise go rabh sí tuirseach beo thuas ins an aer. Chaith sí na bocasaí a rabh an óir ann, caith sí íad síos go bun an dréimire. Thainig sí féin agus Seán anuas an dreimire. D'íarr a ahair air theacht arais agus fánacht léithe féin. Dúbhairt Seán indiaidh an mí-chinealtas a rinne siad air, nach ráchadh sé arais.
Thug sé airgead go leor do'n áthair agus do'n mhathair, agus bhí dóigh mhaith ortha na dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Seán Mac Gairbheach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Gairbheach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír Chillín, Co. Dhún na nGall