Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 320
- XML “An Tarbh Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an tarbh chuige arais. Chuir sé ceist ar Sheán caidé bhí cearr. Dúbhairt seisean go rabh ocras mór air. "Chuir dó lámh asteach ins an cluas eile," arsa'n tarbh, "agus gheobhaidh tú giota éaduigh. Cuir an giota seo ar an talamh agus spréidhfidh sé amach. Annsin, rud ar bith a iarrfhas, gheobhaidh tú é." Bhí bíadh go leor ag Seán ina dhiaidh sin.
Bhí iongantas mhór ar an leas-mháthair. Ní thug sise móran dó le h-íthe, ach bhí Seán ag éirigh láidir agus reamhar. Bhí triúr iongeaneacha aici féin. Lá amhain diarr sí ar ceann de na ingeaneacha dul amach agus amarc caidé mar bhí Seán ag fághailt an bídh. Ní rabh sí i bhfad amuigh gur thuit sí na codladh. An lá ina dhiaidh sin chuir sí ingean eile amach le coimhead. Thuit sise na codladh fósta. Cuir sí an tríomhadh ingean amach annsin. Thuit sise na codladh fosta, ach bhí súil i gcúil a chinn. Níor druid an tsúil seo am ar bith. Chonnaic sí an dóigh a fuair Seán an biadh. Nuair a chualaidh an mháthair an sgéal, dúbhairt sí go (gcaithfidh) rabh agaibh an tarbh a mhárbhadh.
Chualaidh an tarbh an sgéal seo, agus arsa seisean le Seán, "Nuair atá mise marbh d'iarr ar dó áthair sreangan a ghearradh ó mó cheann síos góide mo ruball. Rud ar bíth a chaitheas tú an sreangan air ceangleóchaidh sé suas é." Rinne a áthair seo. Annsin nuair a bhí an tarbh marbh ní rabh an bhean sásta. Dúbhairt sí nach mbéadh sí sásta go gcuirfidh Seán ar shiúbhal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Gairbheach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gairbheach
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann