Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 332
- XML “Scéal an Mhadaidh Ruaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear uasall ann aon uair amhain agus bhí fear aige ag coimhead coillidh is ag baint bhrosna do na crainn.
Bhí teach aige i gcionn na coilleadh agus dá mhadadh ag congbhailt cuideachta leis. Bhí clar ins an doras a rachadh ar aghaidh agus ar gcúl do reir mar bhéadh na madaidh ag gabhail amach no ag teacht isteach. Thainic an fear na bhaile trathnóna agus ultach brosnaigh leis. Chuir sé síos teine agus d'fhag sé a phíopa líonta ar an stól i gcois na teineadh. Chuaidh sé a luighe annsin, é féin, níos mó le sgíste a dheanamh no dúl a chodladh.
Bhí sé ag amharc amach go pleisiúrach ar an teinidh a bhí lósta mar bhéadh teine fhéile Eoghan ann. Nuair goidé chuir an clar ar aghaidh ach madadh ruadh.
Shuidh sé síos i gcois na teineadh as thóg sé píopa an fhir de'n chathaoir. Chuir sé a cheann isteach sa teinidh agus thúsaigh sé chaitheadh an phiopa, Go nadurtha le an fhear a bhfaca tú ariamh. "Do chorp 'un Diabhail a rógaire" arsan fear, agus fearg mór air, agus leim sé amach as a leabaidh. "An ag caitheamhmp phíopa ata tú? Dar siud as dar seo da mbéadh mo ghunna comhgarach damhsa, teine is toit de chineal eile bheireann duitse agus rud na dearn tú margadh ar a shoin . "Leóga", arsan madadh ruadh, "Shílidh tu do fhéin do fhear threan. Ach is(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Gairbheach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eiblin Ní Múireadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Curraoin, Co. Dhún na nGall