Scoil: Rathmullan (uimhir rolla 14224)
- Suíomh:
- Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rathmullan
- XML Leathanach 077
- XML “Ó Duibhne”
- XML “Baile Bó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go Gleann Bhar cois faírrge rith an bhealaigh.Tá seán-scéal go dtáinig siad i n-am Aoidh Ruaidh; go dtug ingean dhubh (máthair Aoidh Ruaidh) isteach iad an t-am sin agus gur chuir siad faobhtha annso ó shoin.Dream as uachtar Albainn a bheadh iad. Tá ainm eile annso MacCuilin - Thainig siad-san an t-am céadna agus d'fhan a ndaoine annso fosda. MacCailm bheirtear ortha i nAlbainn.
Tá iomrádh imeasc na ndaoine annso fosda go dtainic soithigh le Bingham isteach annso agus go bhfuair siad seilbh ar thoigh na manaigh annso i Ráth-Mhaoilín - ar a mbealach go Connacht. Sin an t-am cuaidh siad i dtír i dtorach. - 'Sé sin baile na mbó (nó baile buidhe)Ba ghnáth leis an taoiseach na ba a chongbhuil taoibh amuigh de'n caisleán. Tá baile na mbó ceathramhach míle ó 'n t-sean-chaisleán.