Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 101
- XML “Amhrán - Maidin Fhómhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Maidin Fhoghmhair is mé ag triall go Fochainn,
Cé tharla sa ród orm acht stór mo chroidhe,
Leag me mo lámh ar a brollach ro-dheas,
Agus d'iarr mé póg uirthi a stór mo chroidhe,
Sé dubhairt sí stad as na stróc mo chlóca,
Níl fhios m'intinn ag an fhear faoi'n rí.
Lean mo mhathairín go dian san rod mé,
Gan snaithi clóca uirthi ach a gruag léiti síos,
Bhí ór agus airgead go tón a póca,
Go toighe an óir na gur tarraing sí,
Thug mé féínín dí gur dheas le h-ór,
Agus bhual mé an bóthar abhaile aríst.
Má théigheann tusa liomsa thart siar go Fochainn
Gheobhainn seomra dhuit ar bheagán cíos,
Chuirfinn cáípín árd ort de'n t-síoda is báine,
Agus mil go bhaisgidhe (?) as gruag do chinn.
Níl sé ach anuraidh a rinne mé an posadh eadar
Fochainn agus Ceathramha Caol,
Fágfaidh mé an talamh ag mo dhearbhráthair is óige,
Agus arais go Fochainn ní phillim a choidhche.
(Fuair mé an t-amhrán seo ó mó mháthair. Is é seo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuaim, Co. Dhún na nGall