Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cailleadh long agus cúig claigne-déag fear ag dul trasna ó Bheal Loch Suilighe go dtí'n phoinnte. Locht Foghmháir a bhí ionnta; bhí siad ag dul go h-Alban a dheánamh Fóghmhar agus bhí siad amuigh i lár an chana (?) nuair a thointigh an bád agus bathadh iomlán dá raibh inntí. Bhí an bád ro-bheag aca, agus bhí sí seoltoireacht, (?) agus thointigh sí leis an creabh. Ins an bhliadháin (?) 1842, 85 bliadhain ó shoin a tharla seo.Maidín lá thar na bharach chusgarochadh sé na carraigeacha, ag amharc ar athreacha, mhathreacha, dearbhrathaireacha agus deirbhruireacha ag cuartughadh cuirp na daoine a bhí caillte, ó céide Rath Mhualáín go céidhe Phort-Salainn, bhuachaillí bréaghtha láidre a bhí ionnta.
Bhí long eile ag imtheacht amach as Loch Suilighe fosta. Bád seol a bhí ionnta, no ní rabh longa gaile ar bith ag dul san am. Saaldana a bhí uirthí, agus bhí compaidh léithe a rabh an Slup Ó Wa (?) uirthí. Bhí lasta saighdiurí ar an Salldana an ceann a cailleadh, 300 aca a bhí uirthí. Nuair a bhí sí amuigh í lár na baighe d'éirigh an droch cosalacht (?) ar an fairrge agus phill sí arais ar an fasgadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Colla
- Inscne
- Fireann