Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 456
- XML “Posaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-am is mó a póstaí daoine san t-sean-am ó Aidbeinte go Máirt na h-Inide. Mí mí rathmhar chun posta is eadh mí na Bealtaine agus laethe mí rathmare chun posta an Céadaoin agus an Aoine. Nuair a postar lánain roimh an Inid ní'l céad ag an bean og pilleadh 'un tighe a athara go dtí Domhnach Cásg.Bhí gras ag dul nuair a mbeadh fear ag faghail posta beireadh sé cupla sean-fear leis go dtoigh an chailin agus dheantaí dáil cleamhnais le athair an chailín agus bhéirtí cupla sgor punta agus cupla cinn eallaigh dí.Fá tuirim céad bhliadain ó shoin nuair a bhéadh fear dhá phosadh agus gan teaghlach an chailin sasta chruinnigheadh an fear a daoine muintíre agus d'fuadhaigheadh siad an cáilin agus beireadh siad to dtoigh an fhir í agus churtí gárda uirthí agus b'eigean do'n t-sagart a teacht go toigh an fir dóig agus iad a phosadh. Cá bhéad baineas ar bith acha sa am sin acht a ndaoine muintíre féin. I dtoigh an fhir a bíodh an bhainfeas, bhíodh na mná i na duidhe ar na capallaibh ar chulaibh na bhfear.
- Bailitheoir
- Anna Nich Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh na Dála, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Labhras Mach Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulaigh na Dála, Co. Dhún na nGall