Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is maith le giorrsaí beaga agus le gasraí a bheith a deanamh gach seoirt cuideachta.Bíonn na gasraí ag imirt liathróide agus ag cur gaistí le h-eanaca a ghabháíl agus ag cur trapaí le cóiníní a ghabhail. Agus is maith léobhta a bheith ag deanamh dalog. Cuireann duine ámháín giota éadaigh thart fa na chuid súl agus ritheann na giorsaighe agus na gasruidhe eile go ngabhfaidhe an té a bionn an dalóg air duine aca agus an té a ngabhtas caithfidh an duine sin an dalóg a chur air annsin. Agus mar sin de.
Seo Cleas eileNuair a bíonn siad uilig na suidhe thart fan teinidh. Deirfidh duine a amháín aca seo os coinne gach coise atá ina suidhe ag an teinidh."Lurpóg; ;áapog; biadh an lóin; lóin an Preabain; Prabad súile; súsla seag; seag na mine; Sean Chos; luath; liacach; Plaiceach; Crúp isteach an Fhiodag."Annsin nuair a bionn sin déanta an chead duine a chaithfeadh an dá chois a crubhadh isteach. Caithfidh seisean annsin é a rádh agus mar sin de.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic Giolla Cheara
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Ghiolla Cheara
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Dhún na nGall