Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl morán toighthe Caitliceac i n-Éirinn nach bhfuil pioctiúr Naomh Pádruig agus pioctiúr Naom Brighidh crochta ionntú. Teisbeannann pioctiúr Naomh Pádruig é ag teagasc na bPagánach ná ag buachailleacht muc, agus teisbeannann pioctiúr Naomh Bríghidh í agus bó na luighe ar a cois, nó tá sé ráidhte go rabh sí an-chinealta d'ainmidthe. Tá sé ráidhthe fosta duine ar bith a congbhuigheas a pioctiúr nach mbéidh díoghbhail bainne air. Conghbhuighthear lá amháin sa bhliadhain in a h-onóir! oidhche Fhéile Bríghidhe. Gnídhtear cros Bríghidhe as fioghacha ar an oidhche seo agus an lá thar na mhárach cuirtear uisce coisreachta ortha agus cuirtear ceann ó's cinn ach'an dorais, gnídheann siad brú-bánd Bríghidhe as na fioghacha seo, dhá nó trí fioghacha a chasadh le chéile, agus tá sé ráidhthe ma chaitheann tú seo thart ar do cheann oidhche Fhéile Brídhighe na mbéidh ceann tinn agat go cinn bliadhna.Ag Nodlag cuirtear suas cuileann. Domnach na Slat, bheirtear palms agus slatacha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhorraidhin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Dorraidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall