Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'un t-Seipil leó agus fághthar iad coiscreachta. Cuirtear na palms ó's cionn dorais na cisteanai agus ghnídhtear fainniní as na slatacha agus má tá tairneach ann dóighthear craobh de'n palms lá Bealtaine fhaghann (?) siad craobh agus cuireann siad blátha thart air.Is maith le gach duine uisce coiscreachta na Cásga a fághail agus a bheith aca sa teach.
Tá cloch Aifrinn ag mhuinntir Shéamuis Ruaidh ar an Caiseal. Deánamh leath-chruinn atá ar an chloich agus tá sí troigh ar faid agus leith-troigh ar léiteidh. Tá pioctúir ná cáilise gearrtha ar thaobh amháín dí agus an chros ar an taobh eile agus tá na litireacha B. F. 1757 gearrtha faoi'n chrois. Tá se ráidhthe gur sagart de mhuinntir Fhríghil ba leis an chloch agus go rabh sé na chómhnuidhe ar an Tonn-Bháin. Ba as Gartán nó thart fá Ghartan an Sagart Ó Fhríghil. Réir na litreacha ar an cloich Brian a ba ainm dó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhorraidhin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Dorraidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall