Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 320
- XML “Seanchas Stairiúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháín fadó bhí sgaifte amuigh ag iasgaracht san fhairrge bheag. Thainig Colmcille chuca nuair a bhí siad indhiaidh theacht isteach. Nuair a chonnaic siad Colmcille ag teacht d'faluigh siad na h-eisg faoi na clocha a bhí deas daobhtha. Chuir Colmcille ceist ortha, "An bhfuair siad iasc ar bith," agus dubhairt na fir nach bhfuair. Annsin dubhairt Colmcille, "muna bhfuair sibh go bhfaigh sibh," agus má fuair sibh go bhfaigh sibh." Nuair a chuaidh na fir chuig an áit a raibh na h-iasg ní rabh dadaidh ann ach na clocha.Annsin dubhairt Colmcille nach bhfuighfidhe iasc ins an fhairrge bheag choidhche indiadh sin, agus ní fhuair.
Lá amháin nuair a bhí Iúdaí indiaidh ar Slánuighteora chuir siad cheist ar an Shlasóig an bhfaca sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nig Reannacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Mhic Reannacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall