Scoil: Leitir Sean-Bhoth (uimhir rolla 12900)
- Suíomh:
- Leitir Seanbhó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Ferraigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair cuireadh sgaibeadh ar bhráithre Dhún na nGall fadó shoin bhí ortha na sléibhte, na cnuic agus gleanntáín iargcúlta thabhairt ortha féín. Thug cuid aca Gleann Fhinne mar áit fotacha ortha féín agus ó sin siar go Gleann Domhain agus ó dheas go Bealach Sean Aoidh.Uair amháin dá raibh fear aca ar a theicheadh thug sé a aghaidh an bealach seo agus na saighdiúirí dearga 'sná sálaibh aige. Chuir sé achan chorr agus lúib air féín le fághail glan-sgartha uatha ach sin a raibh aige ar a shon nó bhí na saighdiúirí ceádna clúiteach mar choisithe sléíbhe. Go díreach agus iad fá fhaid sgiathaín dó chuir sé corr an ghearrfiadh ortha thall annseo ag an Tóin Dhuibh agus ghlac sé dídean tobair air feín ar áít a bhfuil an tobar sin ar a bhfuil mé ag cur síos. Ach "níor chríonna an cú ná'n choimheádaidhe" mar adeir an sean-fhocal, nó seo aige iad. Go díreach agus iad ag gabhail(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S. Ó Fearraigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamus 'Ac Cumhaill
- Inscne
- Fireann