Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rinneadh faire ar an chailligh an oidhche sin arais agus caitheadh go rioghdha le lucht na faire. Nuair a bhíthear ag cur na caillighe san chomhrainn maidin lá ‘n torraimh chuir Murchadha mór ceallag na nótaí faoi na ceann mar comhailiughadh do.
Cuireadh an chailleach annsin. An oidhche sin chuaidh an fear siubhail na roilige arais. Bhí bataill chochain leis agus súiste. D’fosgail sé an uaigh agus fuair ceallag na nótaí ‘bhí faoi cheann na caillighe. Dhruid sé isteach an uaigh arais; chuir bataill an chochain ar an uaigh, cuir teine san bhataill agus thosaigh d’á bhuaileadh leis an tsuíste.
Bhí teach Mhurchaidhe mhóir ar amharc na roilighe agus nuair a chonnaic Murchadha is a bhean an bladhaire ag eirighe suas san spéir dubhairt siad ar aon ghuth -
“Ó, dar fiadh, ní bhfuighidh sí arais an uair seo”.
Lá thar na bharach chuaidh an fear siubhail go teach Mhurchaidhe mhóir agus fuair an céad. Annsin phill sé go dtí teach Mhurchaidhe bhig. Roinn sé ceallag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlas Mac Meanamain
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall