Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 134
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann i bhfad ó shoin agus is fada ó shin a bhí.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh an fear síos ag an fhear ósta agus arsa seisean. “Caidé’n seort uisge beatha a thug tú (da) dúinn”. “Tug mé uisge beatha maith díbh”. “bhal gabh suas go bfeicfeadh tú an obair atá ar an fhear thuas”- Chuaidh sé suas. “Caidé (n obair o) atá ort a Johnnie” “Mise Johnnie agus mé ag dul thart. Bhí siad ag dul amach annsin fa choinne a mhnaoi. Tháinic sí isteach agus fuair sí greim ghualainn air agus chraith sí í. “Caidé atá ort a Johnnie”. Mise Johnnie agus mé ag dul thart”. Mise Johnnie agus mé ag dul thart”. Bhí siad ag dul amach annsin fá choinne na ngardaí agus go díreach nuair a bhí siad ag dul amach cuaidh an fear síos ag an fhear ósta. “Ma [thabhaire]? ann tú cúig phúnta damhsa léigheasaidhe [m]? thú” Ó bheurfaidh cinnte sul a dtógaí sé droch chliú ar an teach”. Thug sé dó na cúig phúnta. Chuaidh an fear suas ag Johnnie agus thug do (na) an cúig phunta. Chuaidh an bheirt acu amach annsin agus d’ith siad agus d’ól siad go maidin, agus chuaidh an bheirt abhaile go suaimhneach sasta.- Bailitheoir
- Máire Ní Eichthighirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall