Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 144
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)muid? Tá muise tobar deas glan órd. amhail astoigh faoi sgáth crann mhóir daraighe. Srúthan beag ag rith le h-ais an tobair. Gan dadaidh thart fá’n tobar ach bratógaí bána a d’fhág daoine ‘na ndiaidh.
Fághann achan nduine rud an teacht in na ndiaidh cuid aca a fhághann pighineacha ruadh, bioráin, paidrín, ciarsar, agus claspaí gruaige.
Da mbéadh duine annsin lá béaltaine. Caidé a bhéadh le cluinstin aige? Achan nduine ag guidhe “Naomh Mhuire, Naomh Mháthair Dé, A tighearna deán tróchaire orm”. Is an callán a bhíonn’s acu mhusglóchadh sé na mairbh atá ‘na luighe i roillig Chill Taobhóige.
Bheireann achan nduine buideál de’n uisge leis abhaile. agus bíonn an t-uisge sin go (aige) curamhach aige leis an t-súil atá ina gceann. Anois caithfidh muid ar gcúig gcéad slán a fhágháil ag tobar na n-Aingeal go mí na béaltaine seo chugainn.- Bailitheoir
- Áine Nic na Mídhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall