Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 197
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear uasal ann i bhfad ó shoin agus chuaidh sé amach a sheilg.”
(ar lean ón leathanach roimhe)teacht ar an t-saoghal faoi dhroch phlánaid. Dubhairt sise nach dtiocfadh nó go rabh sé ar an t-saoghal anois. Chuaidh fear an toighe ‘un dorais annsin agus d’iarr sé ar an fhear uasal a theacht isteach agus bhí sé acu go maidin. Dubhairt fear an toighe ar maidin, nuair a thug sé an oiread onóir dóbhtha agus fánacht acu rith na h-oidhche an gcoinneóchadh sé an paiste le baisteadh. Dubhairt sé go ndeánfadh agus céad fáilte. Choinnigh sé an paiste le baisteadh agus d’fhan sé acu an oidhche sin arais. Nuair a bhí sé ag imtheacht ar maidin fuair sé giota de chroiceann caorach. Sgríobh sé líne agus chuir sé isteach ann é.
Cheanghal sé ar mhuineál an leinbh é. D’iarr sé ar a mháthair é a choinghbheail ar an sgoil agus gan é a bhaint dó go mbéadh sé fhéin abaltá é a léigheadh. Nuair a bhí sé ag teacht na bhaile ó’n sgoil lá amháin smaointigh sé go n-amharcadh sé caidé a bhí sgríobhtha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall