Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 032
- XML “Seanleigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fad o shoin bhí níos mo suim ag na daoine ins na léasannaí no tá aca ins an am fa lathair. Bhí órthaí acu agus seo cuid de na léigheasannaí a leanas: Fa choinne fannaí: Da gcasfha ar thorramh agus rud beag diosta a thógailt d'en bhealach mhór agus trí coisceim na trócaire a glacaint agus an diosta a choimilt ins an áit a rabh na fannaí ort go bhfuighea biseach.
Seo léigheas eile: Da dtiocfha ar charraig i sruthan no ins an abhainn agus uisge ann, gan áit ar bith aige dul amach no theacht isteach agus uisge fa daobh de agus é a choimilt air deirtear go n-imtheochadh siad.
Seo léigheas fa choinne sleamhnáin: Naoí ndealg spinneogaí a fhághail agus iad a chur roimhe an t-súl, ceann in'dhiaidh an chinn eile agus nuair a bhéadh sin deanta agat go mbéadh an tsúil ag bisiughadh. Tá an léigheas sin ag na daoine go fóill.
Seo léigheas fa choinne an triuch: An páiste a chur go dtí bean a mbeadh a sloinne an sloinne ceadna indhiaidh a posta agus iarraidh fa choinne rud éigin a dtiocfhadh leat ithe, mar giota aráin. Seo léigheas eile: Da dtabhaireadh do chuid cáirdeis Críost rud éigin duit a dtiocfhadh leat a chatadh agus é a cathadh cómh luath agus a gheobtha é go mbéadh biseach ort ar an bhomaite.
Seo léigheas eile fa choinne fannaí: Innse do dhuine eile ins an cheanntar a rabh fhios aige ar cuid mhaith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó hEarcain
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ailt an tSneachta, Co. Dhún na nGall