Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 050
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Tráthnóna samhraidh a bhí ann tháinig bean sídhe isteach go dtí teach ar an Garbh-Ábhainn.”
Tráthnóna Samhraidh a bhí ann tháinig bean sídhe isteach go dtí teach ar an Garbh-Abhainn. Bhíodh na mná sídhe ag dhul thart fa'n am seo. D'fhiafruigh an bhean bheag cá raibh fear an tighe. Dubhairt bean an tighe go raibh sé indhiaidh dhul síos a luighe. D'imthigh sí síos agus shín sí slamhradh chuige agus dubhairt sí ma thomhasainn tusa trí fhad an slamhraidh sin ó Carraic na gCat go Carraic na Gorraigh geobhaidh tú craiceann giarraidhe agus é lán ór agus airgead. D'éirigh fear an tighe agus rinne é fhéin réidh le dhul léithe. Nuair a bhí sé ag dhul amach ar an doras dubhairt bean an tighe leis na imthigh go dtí go gcraithfidh mé braon uisge coirsigthe ort.
Bhuail an bhean bheag bos ar leacainn an fhir agus dubhairt leis ní bhfuighe tusa no aon nduine de do bhunadh an t-ór no an t-airgead. D'imthigh sí léithe agus ní fhacaidh aon nduine í ó sin amach.- Bailitheoir
- Máire Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall