Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 067
- XML “Ag Déanamh Aráin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1) Fadó ins an ceanntar seo meileadh na daoine a gcuid coirce agus cruithneachta fhéin sa bhaile. Bhíodh bró no cloch bhroige in achan teach. Ba gnáthach leobhtha an coirce a tiormughadh i bpota ós cionn na teineadh.
Sé mar gnídead siad é, annsin leigeadh duine anuas an gráin agus casadh duine eile an cloch uactrach, acht bhíodh an caith fríd an mhin. Cuirfidhe fríd criathar é agus bainfidhe an caith as. Can fhuil aon bhró ins an áit seo anois acht tá a lán cor cloch bróine le fághail go fóill. Níl iomradh ar bith ortha anois act chuirtear an coirce uilig chuig an mhuileann cun é a fhághail meilte.
Ar an ngridill a bhruitidhe an t-arán roimhe seo fosta. Tá sé cosamhail le oigheann acht nach bhfuil fonnsa ar bith thart air. Bhíodh sé i núsaid fá choinne bocstaí a dheánamh.
"Bocstaí"
(2) Préataí a ghrátail agus an "stuf" a bhfásgadh in éadach. Na dhiaidh sin - préataí bruithte a bhrughadh agus iad a mheasgadh leis an "stuf" a d'fhásgadh. An stuf a tháinig ó'n fásgadh a fhágailt i soiteach agus má fhágann tú tamailt é béidh stailc (starch) agat ar thóin an soithighe. Measgann tú suas an t-aran agus ní grádh leis na sean-daoine plúr ar bith a chuir ar mhullach an t-arán act sé an stailc a chuirfead siad air. Annsin tá sé réidh le bruith ar an oidheann no air an greidill.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Coimín, Co. Dhún na nGall