Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 097
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- T: Gearrfhiadh eadar dhá ghleann nuair a bhogfas
an gearrfhiadh bogfaidh an dhá gleann.
F: Asal agus dhá chliabh air.
T: Téidheann sé anonn ar sudar thig sé anall
ar sudar líonann sé a bholg ar sudar.
F: Duine ag sníomhadh eitéan snath.
T: Siud amuigh é, siud istoigh é, siud sa cluidh é
agus dhá chéad sul ann.
F: Riddeal.
T: Ritheann sé o Doire go Port-Lairge agus go
fóill níor bhog sé.
F: Bothar-Iarainn.
T: Toit ar cnoc gan teine.
F: Aoileach bó agus toit seo.
T: Molt iarrann agus ruball olna as.
F: Snathaid deisiu agus snáth.
T: Teach beag geal ar an t-sráid agus gan aon doras air.
F: Uibh.
T: Duibheagan dubh ar an mala ud thall, an mhanach atá ag cainnt agus é fhéin na thost.
F: Teach agus gan aon nduine na cómhnuidhe ann.
T: An bhfaca tusa aon rud nach bhfaca Dia?
F: Chan fhaca Dia a leitide fhéin ariamh chonnaic mise mo leithide fhéin.- Bailitheoir
- Maighread Níc Fhionntaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall