Scoil: An Cnoc (uimhir rolla 2475)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brain Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc
- XML Leathanach 165
- XML “Seán Crosach ar ais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán Crosach arais.Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Seán Crosach. gaduidhe a bhí ann. Nuair a casfadh fear saidhbhir do ní shílfeadh sé moran é a sgaoileadh agus a chuid airgead a thabhairt leis.
Acht ní raibh sé go holc sin ar fad. Nuair a chasfadh fear bocht air bheirfeadh sé cuid d'on airgead do acht chonigbhuigh sé go leor do fhéin.
Nuair a chualaidh sé go raibh an tóir ag teacht thug sé leis an t-airgead amach go gleann mór uaigneach atá amuigh 'sa Ghap atá ar taoibh ó thuaidh de chnoc Shrathgradaigh.
Rinne sé poll mór 'san gleann. Chuir sé an t-airgead síos ins an pholl. Sílim go bhfuil an t-airgead annsin go fóill.Sgéalaidhe:- Seamus Ó hAelfertí
Tírchíllin
Tearmonn.Sgríbhneoir:- Brian Ó Duibhne,
An Cnoc.- Bailitheoir
- Brian Ó Duibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cnoc, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó hAelfertí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tír Chillín, Co. Dhún na nGall