Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 167
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
Bhí fear in a chómhnuidhe i nGleann Fhinne am amháin agus [bh]í ceathrar no cúigear de bhuaibh aige. Tcídheadh sé gearrfiadh ag ríth thart an pháirc achan mhaidin. Ní rabh bainne ar bith ag na ba nuair a bhéadh an g[e]arrfiadh ag ríth fraobhtha.
D'innis sé do fhear eile nach rabh bainne ar bith ag na ba. D'fíaf[r]uigh an fear eile do an bhfaca sé rud ar bith eile san pháirc leobhtha. [D]ubhairt seisean nach bhfaca sé a dhath ach gearrfhiadh a bhí ag ríth fraobhtha achan maidin. Dubhairt an fear eile gur cailleach phisreogach a bhí ins an ghearrfiadh agus gur cheart do cú dubh gan ribe amháin bán ann a fhághail. Chuart[u]igh seisean agus fuair sé an cú. Ar maidin chuaidh sé amach agus bhí an gearrfiadh fríd na ba airíst. Ríth an cú indiaidh an ghirrfiadh agus ríth siad suas chuig teach in a rabh sean bhean in a cómhnuidhe. Bhí pain briste [i]ns an fhuinneóig agus léim an gearrfhiadh suas ach sul a rabh sé astoigh ban an cú an larc as le na bhéal. Ríth an fear iseach [!] agus fuair sé an sean bhean astoigh le gan ach larc amháin uirthi.- Bailitheoir
- Anna Ní Gaoithin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séan Mac Daibheid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Glaice, Co. Dhún na nGall