Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 231
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Fear ar dhruim capaill agus mála leis ar thoseach na diallaide ag gabhail a amharc suas ins an spéir."
Phill Murcadh na bhaile agus é sasta go leor gur bhe comraidaidhe Murchaidh Bhig a bhí ann. - Lá amháin d'imir muinntear Ghleann tSúilighe le muinntear Druim Caoin. Da n-eireochadh le muinntear Druim Chaoin muinntear Ghleann tSúilighe a chuir amach thar Bhinn tSúilight bhéadh an buaidh leo no da gcuirfeadh fir Ghleann tSúilighe muinntear Dhruim Chaoin amach thar Chró na mBoc bhéadh an buaidh leo. Bhí achan áit fa thuairim trí míle ó Uaigh an Fhathaigh i Suidhe Corra. B'é sin an áit ar sgaoileadh an cnag.
Thoisigh an imirt agus bhi an chuid a b'fhearr de'n lá ag Druim Chaoin ar dtús. Bhí siad ag tarraingt go maith ar Bhinn tSúilithe. An uair sin bhí cuid mhór eallaigh agus caorach ag an Tighearna talamh thuas i Min an Fhir Ruaidh. Bhi airightheocha aige ag coimhead a chuid stuic. Tráthnóna tháinig airighthocha Bharr a' Ghleanna 'un cuididh le fir Ghleann tSúilight. Thionntuigh siad an lá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Gaoithin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Daibheid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Glaice, Co. Dhún na nGall