Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- Suíomh:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- XML Leathanach 368
- XML “An Chuach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An CuachTigeann sí annseó gach samhradh idtús Bealtaine. Bliadhannta bíonn sí luath seachtmhain, agus deireann na sean-daoine go mbéidh droch samhradh air, agus an bhliadhain a thigeann sí mall bíonn deagh samhradh ann.Nuair a cloistear an chuach tá an samhradh ann dárírí, bíonn sí ag cheol ar feadh an lae, go mór-mhór go moc ar maidin agus sa tráthnóna. Is éan fallsach í mar ní dhéanann sí nead ar bith acht beireann sí a h-uibheacha i nead éin eile.Ins na crainnte is mó a bhíonns sí, mar bíonn foscadh maith ann. Fágann sí an tír in lus?, agus nil fhios againn cá n-inthigheann sí.Creideann na sean-daoine gur glaodhann sí ar na géabha óga, coinigheann sí siar iad agus nuair a thigeann siad amach bíonn siad lag. Tigeann trí droch lá faoi Bhealtaine agus an t-ainm ata orra "Trí Lá na Cuaiche".
- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghallcobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo