Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0044
- XML “Sean Boy”
- XML “An Muilneoir agus an Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Caisleán Aicéid chomh saidhbhir is tá siad.
- An Muilneór agus an Bás.
Bhí fear de chloine "Kilroyne" agus muilneór plúir a bhí ann. Bhí saidhbhreas mór aige. Bualadh tinn é agus tháinig an bás ag colbha na leabthan aige. "Maise shíl sé orm gan gleó gan torann. Sé an samhail a bhí ar a ghuailne na péire maide sniomhtha agus bhí béal a chléibh mar a bheadh tom fraoigh." An de mhuinntir Chnuic-Mhágha thú na de mhuinntir Chnuic-Sídhe thú na an sguradh as Éirinn gan thú," adeir "Kilroyne" Maise, ní de mhuinntir Chnuic Mhágha mé na de mhuinntir Chnuic-Sidhe mé ná níor scuradh as Éirinn gan mo bhuidheachas mé, acht is mise an bás a bhéarann an t-olc agus an maith liom, an t-og agus an críon Bhéarfaidh mé Bhéarfaidh mé [!] an leanbh ó'n gcíoch liom agus bhéarfaidh mé tusa anocht gan sgíth liom,"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe