Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0048
- XML “Peadairín Buí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Peadairín Buidhe.
Bhí fear in-aice Áth-Cinn fadó da'r b'ainm Peadairín Buidhe agus bhí sé in-dhan céad meadhchain a iomchur in-a laidhircín agus a ainm a sgriobh os cionn doras an mhuileann agus an mála a iomchur go dtí bárr an mhuillinn. Treabhadh sé dá acra agus trí ceathramhna talmhan sa ló le dá mhúile agus le céachta ádhmaid. Bhí sé in-dhan céachta iarrainn a iomchur suas ar a chloigeann freisin. Oidhche amháin ní raibh aon teine ag Peadairín Buidhe agus chuaidh sé amach 'san gcoill agus rug sé ar chrann mhór fuinnseóige agus tharraing sé ar a dhícheall. Tháinig an cran[n] suas go tapaidh leis agus chorruigh sé seacht n-acra talmhan thart timcheal[l] air.
Bhí Peadairín Buidhe in-Gallimh lá eile. Nuair a bhí sé ag teacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Comhdhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Luimneach Thiar, Co. na Gaillimhe